Academic [image required]
GeneralAdmissionsAcademicAdministrationInternational


You Are In: Academic > Teacher Education at St. Mary's > Course Information > PGCE > Primary - Irish Medium > Irish Version

Is cúrsa lánaimseartha bliana é an Teastas Iarchéime san Oideachas atá aitheanta go hiomlán ag an Roinn Oideachais.  Teagasctar formhór an chúrsa trí mheán na Gaeilge agus dírítear ar chéimithe atá ag iarraidh bheith ag teagasc i mbunscoileanna lán-Ghaeilge é.

Aidhm an Chúrsa

Is í aidhm ghinearálta an chúrsa deis a sholáthar do mhic léinn:

  • réimse d’inniúlachtaí gairmiúla a fhorbairt;
  • bheith rannpháirteach i ndíospóireacht eolasach faoi mhórcheisteanna oideachais agus oiliúna;
  • machnamh go domhain ar ghaolmhaireachtaí teoirice / cleachtais laistigh de chomhthéacsanna gairmiúla;
  • cos a choinneáil le taighde, nuálacht agus forbairtí san oideachas i gcoitinne agus sa ghaelscolaíocht go háirithe;
  • scileanna taighde a fhorbairt.

Struchtúr an Chúrsa

Ó Mheán Fómhair 2006 ar aghaidh beidh an cúrsa TICO struchtúrtha ar bhonn modúlach mar atá molta ag an QAA Qualifications Framework for England, Wales and Northern Ireland. Chun go n-éireoidh le mic léinn sa chúrsa TICO (trí mheán na Gaeilge) ní mór dóibh pas a fháil i ngach ceann de na 3 mhodúl seo a leanas:

Modúl 320MPS401 Obair Scoilbhunaithe

Modúl 320MPS402 Foghlaim agus Teagasc i mBunscoil lán-Ghaeilge

Modúl 320MPS403 Peirspictíochtaí ar an Churaclam Bunscoile

Tugtar creidiúint ag leibhéal Máistreachta do mhodúil 320MPS402 agus 320MPS403, is fiú 20 pointe ag M-leibhéal an modúl iad. Tugtar creidiúint ag leibhéal onórach do mhodúl 320MPS401 agus is fiú 20 pointe ag H-leibhéal é.

Ábhar an chúrsa

Tá ábhar an chúrsa bunaithe ar riachtanais Churaclam TÉ agus tugtar deis do mhic léinn léargas suntasach a fháil ar shaincheisteanna oideachais a bhaineann leis an tumoideachas.  Maireann an cúrsa sé seachtaine is tríocha agus caitear ocht seachtaine déag den tréimhse seo ar thaithí teagaisc sna scoileanna. Caitheann mic léinn dhá bhloc de thaithí scoile i seomra ranga i mBunscoil lán-Ghaeilge agus bloc amháin i mBunscoil lán-Bhéarla.

Moltar go mbeidh ardchumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge acu sin atá ag iarraidh cur isteach ar an chúrsa seo. Tá agallamh agus tasc scríofa mar chuid den ghnáthamh roghnúcháin.

Foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais ó Oifig Iontrálacha an Choláiste. 

Spriocdháta d’iarratais Aoine 27 Feabhra 2009

The Irish Medium Team Leader is Dr Gabrielle Nig Uidhir.

 

Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Dr Gabrielle Nig Uidhir ar an ghuthán ag 90268202, nó tríd an ríomhphost.