Ba í Coláiste Ollscoile Naomh Muire an chéad institiúid ardoideachais a chuir cúrsaí in oiliúint; Gaeilge tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaelige ar fáil i Meán Fómhair 1996. Is croífhoireann de bheirt léachtóirí muid atá páirteach i soláthar trí mheán na Gaeilge sa Choláiste. Tá blianta taithí ag teagasc in earnáil na Gaelscolaíochta agus taighde déanta againn ag leibhéal ardchéime sa dátheangachas agus sa tumoideachas. Bímid ag comhoibriú le saineolaithe ábhar i réimse achair curaclam le go mbeidh eispéaras saibhir sultmhar ag ár gcuid mac léinn. Tugtar tacaíocht do mhic léinn i bhforbairt ardleibhéal líofachta sa Ghaeilge agus i bhforbairt réimse leathan de straitéisí teagaisc atá fóirsteanach do chomhthéacsanna tumoideachais. Cuirtear áiseanna agus ábhar oideachasúla trí mheán na Gaeilge ar fáil do mhic léinn, na háiseanna is úire atá foilsithe ag an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe sa Choláiste san áireamh.

Cuirimid luach leis an pháirtíocht a fhorbraítear le scoileanna lán-Ghaeilge agus bímid ag comhoibriú le príomhoidí agus le múinteoirí sa tacaíocht a thugtar dár gcuid mac léinn ar thaithí scoile. Tá na mic léinn buíoch as an tacaíocht agus an spreagadh a fhaigheann siad ó fhoireann, ó dhaltaí agus ó thuismitheoirí na scoileanna lán-Ghaeilge agus tá na scoileanna féin buíoch don tiomantas, fuinneamh agus do na smaointí úra a thugann na mic léinn leo chuig seomraí ranga.

Oibrímid i ndlúthpháirtíocht le réimse eagraíochtaí a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge, ina measc siúd: Án tÁisaonad Lán-Ghaeilge ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Comhairle na Gaelscolaíochta, Iomairt, Cholmcille, Pobal agus CEA.

 

Foireann Lán-Ghaeilge:

Stiúrthóir fhoireannchúrsa: Dr Gabrielle NigUidhir

Léachtóir Sinsearach: Mrs Eibhlin Mhic Aoidh

Comhordaitheoir PGCE don Iar-bhunoideachas: Jill Garland