|
Is cúrsa lánaimseartha bliana é an Teastas
Iarchéime san Oideachas atá aitheanta go hiomlán
ag an Roinn Oideachais. Teagasctar formhór an chúrsa
trí mheán na Gaeilge agus dírítear
ar chéimithe atá ag iarraidh bheith ag teagasc i
mbunscoileanna lán-Ghaeilge é. Tá ábhar
an chúrsa bunaithe ar riachtanais Churaclam TÉ agus
tugtar deis do mhic léinn léargas suntasach a fháil
ar shaincheisteanna oideachais a bhaineann leis an tumoideachas.
Maireann an cúrsa sé seachtaine is tríocha
agus caitear ocht seachtaine déag den tréimhse seo
ar thaithí teagaisc sna scoileanna. Caitheann mic léinn
dhá bhloc de thaithí scoile i seomra ranga i mbunscoil
Lán-Ghaeilge agus bloc amháin i mbunscoil lán-Bhéarla.
Moltar go mbeadh
ardchumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge acu sin
atá ag iarraidh cur isteach ar an chúrsa seo. Tá
agallamh agus tasc scríofa mar chuid den ghnáthamh
roghnúcháin.
Foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais
ó Oifig Iontrálacha an Choláiste, Admissions
Office.
Spriocdáta d’iarratais
26 Feabhra 2010
Tá TICO ar fáil i ngach institiúid ardoideachais
i dtuaisceart Éireann. Tairgeann gach institiúd
speisialtacht dóibh siúd atá ag iarraidh
stadás múinteora cáilithe a bhaint amach
tríd an cháilíocht seo.
Oideachas Bunscoile –
Ollscoil Uladh, Cúl Raithin
Oideachas Bunscoile (trí
mheán na Gaeilge) – Coláiste Ollscoile Naomh
Muire
Oideachas Meánscoile
– Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Luathbhlianta agus siceolaíoideachasúil
– Coláiste Ollscoile an tSrúthán Mhilis,
Béal Feirste
Ba chóir dul i dteagmháil
leis an institiúid ábhartha faoin speisialtacht
ar suim leat fein. |