Logo an Aisaonaid   Logo Cholaiste Mhuire   Logo Fhoras na Gaeilge

 

Ainm
Nuacht is déanaí

What's new

Cúlra

Background

Na hÁiseanna

Our resources

Eolas Teagmhála

Contact us

Naisc

Links

Comhaid le híoslódáil

Downloads

Pictiur agus focail

Bunaíodh an tÁisaonad i 1998 le háiseanna oideachais a sholáthar dÕearnáil na Gaelscolaíochta, ar comhchaighdeán agus ar chomhphraghas lena gcomhionann i mBéarla. Tá an tÁisaonad á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus tá sé lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Tá ceathrar dÕfhoireann lánaimseartha agus duine amháin páirtaimseartha san Áisaonad. Tá Coiste Comhairliúchán againn a cheadaíonn agus a dhéanann monatóireacht ar ár gcuid tionscadal agus tá fócasghrúpaí de mhúinteoirí againn a bhíonn rannpháirteach i roghnú ábhar, i ndréachtú téacsanna agus i dtéacsanna a fhaomhadh le dul chuig clódóir.

Chomh maith leis na foilseacháin, cuireann an tÁisaonad tacaíocht agus oiliúint ar fáil do scoileanna, i gcomhar le Seirbhís Tacaíochta agus Chomhairle na mBord Oideachais agus Leabharlann, maidir le dea-úsáid ár gcuid áiseanna.