Scéim leathan atá ann don léitheoireacht chomhpháirteach. Úsáidtear le grúpa é. Is trí réimse de chineálacha léitheoireachta agus leabhair dhaite tharraingteacha a spreagtar páistí le léamh leis an scéim seo.
Is scéim í seo atá dírithe ar Eochairchéim 1 (aois 6-8) agus féidearthachtaí ann lena húsáid sa Bhonnchéim (aois 4-6) agus in Eochairchéim 2 (aois 8-11).
Tá réimse de chineálacha léitheoireachta i ngach céim: scéalta, dánta, treoracha, oidis, drámaí, leabhair neamhfhicsin. Tá téama a ritheann trí gach céim, m.sh.
Céim 7 – Ainmhithe agus peataí
Céim 13 – Mé féin
Céim 19 - Feithidí
Tá 20 céim ann ar fad agus 5 leabhar i ngach céim. Tá dath agus uimhir na céime ar chlúdach cúil gach leabhair.
Léim síos chuig ábhair le híoslódáil. Cliceáil anseo.
Ar fáil i ngach céim:
•Cnuasach amháin ina bhfuil dán agus a dó nó a trí de scéalta.
•Leabhar/leabhair ina bhfuil dráma, oideas, eolas.
•Leabhar/leabhair ina bhfuil scéal nó athinsint.
•Leabhair mhóra, ceann i ngach céim ó 5 go 15 (10 ar fad).
•Leabhair Chainte. Le húsáid ar ríomhaire. Téacs agus pictiúir le feiceáil ar scaileán agus cainteoirí as Gaeltacht Thír Chonaill ag léamh.
•Leathanaigh Threoracha i nGaeilge don mhúinteoir, ina bhfuil moltaí ar an dóigh le ceacht phraiticiúil a bhunú ar an leabhar agus ar an dóigh leis na leabhair a úsáid i nGaeilge. Ar fáil le híoslódáil ag www.aisaonad.org
•Leathanaigh Thacaíochta, pacáiste curtha le chéile ag múinteoirí. Tá siad céimnithe ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus tá plean cuimsitheach mar chuid den phacáiste seo. Ar fáil le híoslódáil ag www.aisaonad.org
Ábhar le híoslódáil
Leathanaigh
an Dalta
Leathanaigh an Mhúinteora