|
Is cúrsa lánaimseartha bliana é an Teastas
Iarchéime san Oideachas atá aitheanta go hiomlán
ag an Roinn Oideachais. Teagasctar formhór an chúrsa
trí mheán na Gaeilge agus dírítear
ar chéimithe atá ag iarraidh bheith ag teagasc i
mbunscoileanna lán-Ghaeilge é.
Aidhm an Chúrsa
Is í aidhm ghinearálta an chúrsa deis a
sholáthar do mhic léinn:
- réimse d’inniúlachtaí gairmiúla
a fhorbairt;
- bheith rannpháirteach i ndíospóireacht
eolasach faoi mhórcheisteanna oideachais agus oiliúna;
- machnamh go domhain ar ghaolmhaireachtaí teoirice /
cleachtais laistigh de chomhthéacsanna gairmiúla;
- cos a choinneáil le taighde, nuálacht agus forbairtí
san oideachas i gcoitinne agus sa ghaelscolaíocht go
háirithe;
- scileanna taighde a fhorbairt.
Struchtúr an Chúrsa
Ó Mheán Fómhair 2006 ar aghaidh beidh an
cúrsa TICO struchtúrtha ar bhonn modúlach
mar atá molta ag an QAA Qualifications Framework for
England, Wales and Northern Ireland. Chun go n-éireoidh
le mic léinn sa chúrsa TICO (trí mheán
na Gaeilge) ní mór dóibh pas a fháil
i ngach ceann de na 3 mhodúl seo a leanas:
Modúl MPS4001
Obair Scoilbhunaithe
Modúl MPS4002 Foghlaim agus Teagasc i
mBunscoil lán-Ghaeilge
Modúl MPS4003 Peirspictíochtaí
ar an Churaclam Bunscoile
Tugtar creidiúint ag leibhéal
Máistreachta do mhodúil MPS4002 agus MPS4003, is
fiú 20 pointe ag M-leibhéal an modúl iad.
Tugtar creidiúint ag leibhéal onórach do
mhodúl MPS4001 agus is fiú 20 pointe ag H-leibhéal
é.
Ábhar an chúrsa
Tá ábhar an chúrsa bunaithe ar riachtanais
Churaclam TÉ agus tugtar deis do mhic léinn léargas
suntasach a fháil ar shaincheisteanna oideachais a bhaineann
leis an tumoideachas. Maireann an cúrsa sé
seachtaine is tríocha agus caitear ocht seachtaine déag
den tréimhse seo ar thaithí teagaisc sna scoileanna.
Caitheann mic léinn dhá bhloc de thaithí
scoile i seomra ranga i mBunscoil lán-Ghaeilge agus bloc
amháin i mBunscoil lán-Bhéarla.
Moltar go mbeidh ardchumas i labhairt
agus i scríobh na Gaeilge acu sin atá ag iarraidh
cur isteach ar an chúrsa seo. Tá agallamh agus tasc
scríofa mar chuid den ghnáthamh roghnúcháin.
Foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais
ó Oifig Iontrálacha an Choláiste.
Le tuilleadh eolais a fháil déan
teagmháil le Eibhlín MhicAoidh
ar an ghuthán ag 90268202, nó tríd an ríomhphost. |