Skip to content
Home Link Logo

Irish Language

Tá Coláiste Mhuire fréamhaithe i bpobal Iarthar Bhéal Feirste, pobal a bhfuil stair shaibhir chultúrtha aige agus tá áit lárnach ag an Ghaeilge sa Choláiste le fada an lá. Mar chuid dhílis den Cheathrú Gaeltachta, cuireann sé go mór le saol cultúrtha agus teanga an cheantair.

Tá ról ríthábhachtach ag an Choláiste i dtaca le múinteoirí a sholáthar d’earnáil an Ghaeloideachais sa chathair, i gCúige Uladh trí chéile, agus fud fad na tíre. Tá dhá chonair ann trína dtig le mic léinn oideachais cáilíocht mhúinteoireachta a bhaint amach, mar atá, BOid (Onór.) Bunscolaíocht le Gaeilge nó cúrsa iarchéime TICO. Ar an dá chúrsa seo, cuirtear oiliúint ar mhic léinn trí mheán na Gaeilge.

Lárnach ag an Ghaeilge

Bíonn deis ag mic léinn a thugann faoi chlár acadúil sna saorealaíona roghanna sa Ghaeilge a dhéanamh, á gcumasú le haghaidh a thabhairt ar éagsúlacht de réimsí, agus iad ag meabhrú ar a gconair sa todhchaí.

Múinteoirí a fhaigheann oideachas sa choláiste, bíonn siad ag teagasc ar fud an tuaiscirt, agus go deimhin, ar fud an domhain. Meallann an Coláiste iarratasóirí ó gach cearn den chúige, mar aon le pobal mac léinn idirnáisiúnta

BA (Onór.) Saorealaíona le Gaeilge