Skip to content
Home Link Logo

Baile na Mata: Ceathrú na gCodán – A Groundbreaking Irish Language Mathematics Resource

Belfast, 21 January 2025 – Educators and stakeholders gathered today at St. Mary’s University College Belfast to celebrate the launch of Baile na Mata: Ceathrú na gCodán (Math Town: Fractions Quarter), a pioneering resource designed to enable pupils in Irish Medium Education to learn fractions as Gaeilge. While literacy resources are plentiful for Irish Medium schools, there is a lack of materials in other subjects, particularly Mathematics and Science. Baile na Mata is a vital step in addressing this imbalance, enabling pupils to master fractions in their native language.

Developed by Seedling Learning in collaboration with the Irish Medium Department in CCEA and An tÁisaonad at St. Mary’s University College Belfast, Baile na Mata aligns with the Northern Ireland curriculum. The resource features eight key learning units covering most of Primary 6, with the remaining content due for release during the 2025-26 academic year. Fractions, a crucial topic in the late-primary curriculum, introduces pupils to complex mathematical language that forms the foundation for future studies.

Ciarán Ó Pronntaigh of An tÁisaonad remarked:
“We were excited to guide the development of Baile na Mata. It is hugely important to provide teachers with Irish Language-authored content within Irish Medium learning. We often hear complaints from teachers that having to resort to English language learning materials for Maths and Science disrupts the natural flow of the class. We are looking forward to further collaborating on this important new initiative.”

The project was funded by NI Screen’s Irish Language Broadcast Fund, with additional in-kind support from CCEA and An tÁisaonad. At the launch event, guests had the opportunity to explore the resource firsthand. A highlight of the event was a video presentation featuring pupils and staff from Bunscoil Bheanna Boirche in Castlewellan, who trialled Baile na Mata in November 2024. The video captured their enthusiastic feedback, illustrating the resource’s impact in classrooms and its potential to revolutionise how Mathematics is taught in Irish Medium Education.

With plans to cover the entire Key Stage 2 Mathematics curriculum, Baile na Mata demonstrates Seedling Learning’s commitment to enriching Irish Medium Education through innovative digital resources.


Baile na Mata: Ceathrú na gCodán – Áis Úrnua Cheannródaíoch don MhatamaiticBéal Feirste, 21 Eanáir 2025

Bhailigh oideachasóirí agus páirtithe leasmhara inniu i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, leis an lainseáil de Bhaile na Mata: Ceathrú na gCodán a cheiliúradh. Is áis dhigiteach nuálach é seo atá deartha le cuidiú le daltaí sa Ghaeloideachas bheith ag foghlaim faoi na codáin as Gaeilge. Tá réimse d’áiseanna digiteacha ann don Ghaeloideachas a chuidíonn leis an Litearthacht, ach níl an oiread chéanna acmhainní ar fáil sna hábhair eile, sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht go háirithe. Agus muid ag dul i ngleic leis an staid éagothrom seo, is céim mhór chun tosaigh é Baile na Mata, a thugann deis do dhaltaí bheith ag foghlaim faoi agus ag déanamh cleachtadh ar na codáin ina dteanga dhúchais.

Baile na Mata cruthaithe ag Seedling Learning trí chomhoibriú le Roinn na Gaeilge, CCEA agus leis an Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Tá Baile na Mata ag teacht le Curaclam Thuaisceart Éireann. San áis seo, tá ocht bpríomhaonad foghlama, a chlúdaíonn bunús na hoibre ar an téama seo i Rang 6. Tá na haonaid eile le teacht amach sa bhliain acadúil 2025-26. Is topaic thar a bheith tábhachtach iad na Codáin in Eochairchéim 2. Tríd an topaic seo, bíonn na daltaí ag foghlaim go leor téarmaíochta úire casta sa Mhatamaitic, rud a bheas mar dhúshraith acu agus iad ag leanúint ar aghaidh le staidéar san ábhar seo.

Dúirt Ciarán Ó Pronntaigh ón Áisaonad:
“Bhí lúchair orainn treoir a thabhairt i bhforbairt Bhaile na Mata. Tá sé ríthábhachtach ábhar trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí sa Ghaeloideachas do gach ábhar. Cluinimid go minic go mbíonn ar mhúinteoirí tiontú ar áiseanna i mBéarla don Mhatamaitic nó don Eolaíocht, rud a chuireann isteach go mór ar fhoghlaim na téarmaíochta sna hábhair sin. Taimid ag dúil go mór le bheith ag leanúint leis an chomhoibriú ar an togra nua tábhachtach seo.”

Thug Ciste Craoltóireachta na Gaeilge an maoiniú don tionscnamh seo, chomh maith le tacaíocht chomhchineáil ó CCEA agus ón Áisaonad. Le linn na lainseála, bhí deis ag na haíonna an acmhainn nua seo a fhiosrú. Ba bhuaicphointe é den imeacht nuair a léiríodh físeán a rinneadh le foireann agus daltaí Bhunscoil Bheanna Boirche i gCaisleán Uidhilín, a rinne tástáil ar Bhaile na Mata i mí na Samhna 2024. Thaispeáin an físeán an t-aiseolas fonnmhar a thug siad ar an acmhainn seo, faoin dóigh a dtiocfadh léi dul i bhfeidhm ar an tseomra ranga agus faoi na féidearthachtaí atá léi le teagasc na Matamatice a athrú as éadan sa Ghaeloideachas.

Ta pleananna ag Seedling Learning curaclam iomlán na Matamaitice in Eochairchéim 2 a chlúdach i mBaile na Mata. Léiríonn seo an tiomantas atá ag Seedling Learning do chur chun cinn an Ghaeloideachais trí áiseanna digiteacha nuálacha a dhearadh.

St Mary’s, where learners become leaders

We work for the development of the whole person in preparation for a lifetime of learning and leadership.

St Mary’s, where learners become leaders

We work for the development of the whole person in preparation for a lifetime of learning and leadership.